Donal, Donal O Caoimh

Na Ceapairí Grá at The Roundy

April 8th, 2008 Posted in Gaeilge, Ireland, Irish, Irish language, Irish trad music, Live Music, Music, Photography, corkgigs

Na Ceapairí Grá

D’fhreastal mé ar an oíche Gaeilge sa Roundy eagraithe ag na daoine ó Peoples Republic of Cork oíche Céadaoin an seachtain seo chaite. Club Dhaon-Phoblacht is ainm ar an oíche cheoil agus caint agus de réir na tuairiscí go léir, bhí an chéad oíche ar fheabhas chomh maith. Thosnaigh Na Ceapairí Grá an oíche seo le ceol traidisiúnta bríomhar. Nach bhfuil an t-ainm acu go hiontach!? N’fheadair cad as a tháinig sé sin! Bhí mé ag caint le mo dhuine a sheinn an gíotar (dhearmadas an t-ainm mar is ghnáth dom!) agus dúirt sé liom nach sheinneann sé leis an ngrúpa seo de ghnáth ach ni féidir a shéanadh gur chur sé go mór leis an ngrúpa.

Na Ceapairí Grá

Na Ceapairí Grá

Tá pictiúr nó dhó eile sa set iomlán ar Flickr. Beidh pictiúirí de John Spillane a sheinn chomh maith á sheoladh anseo agam i rith na seachtaine.

Related Posts on www.donal.ie

  1. 1 Trackback(s)

  2. Apr 13, 2008: John Spillane at The Roundy | Donal

Post a Comment