John Spillane at The Roundy
April 13th, 2008 Posted in Ireland, Irish, Irish language, Irish trad music, Live Music, Music, Photography, corkgigsChonaic mé John Spillane don chéad uair seachtain go leith ó shin ag The Roundy mar chuid den oiche Gaeilge eagraithe ag na daoine ag People’s Republic of Cork. Sheinn sé i ndiaidh an ghrúpa traidisiúnta Na Ceapairí Grá. Gan amhras, tá aithne agam ar na hamhráin atá aige ach thaitin an taispeántas seo go mór liom. Tá Ghaeilge breá ag John, rud a léirítear in an-chuid dá hamhráin atá scríofa as Gaeilge. Tá mé ag éisteacht leis an albam “The Wells of the World” faoi láthair, a eisítear ós cionn deich mbliana ó shin, agus tá an stíl bog cneasta fós le feiceáil in a chuid cheol na laethanta seo. B’é Orca Orca Killer Whale an amhrán ab fhearr ar an oíche. Insíonn sé seo scéal na horcaithe a tháinig suas abhainn na Lí cúpla blian ó shin. Chan sé amhráin iontach eile chomh maith, There Was a Man, atá eisithe aige le déanaí. Is féidir éisteacht leis seo faoi láthair ar an MySpace ag John Spillane.
Tá pictiúr nó dhó eile agam san set iomlán ar Flickr. Dála an scéil, má fheiceann tú aon botúin anseo le mo chuid Gaeilge, bheinn buíoch má sheolann tú ríomh-phost chugam ag photos [ag] donal.ie.






1 Trackback(s)
Sorry, comments for this entry are closed at this time.