Tag Archives: Daon-phoblacht

John Spillane at The Roundy

John Spillane

Chonaic mé John Spillane don chéad uair seachtain go leith ó shin ag The Roundy mar chuid den oiche Gaeilge eagraithe ag na daoine ag People’s Republic of Cork.  Sheinn sé i ndiaidh an ghrúpa traidisiúnta Na Ceapairí Grá.  Gan amhras, tá aithne agam ar na hamhráin atá aige ach thaitin an taispeántas seo go mór liom.  Tá Ghaeilge breá ag John, rud a léirítear in an-chuid dá hamhráin atá scríofa as Gaeilge.  Tá mé ag éisteacht leis an albam “The Wells of the World” faoi láthair,  a eisítear ós cionn deich mbliana ó shin, agus tá an stíl bog cneasta fós le feiceáil in a chuid cheol na laethanta seo.  B’é Orca Orca Killer Whale an amhrán ab fhearr ar an oíche.  Insíonn sé seo scéal na horcaithe a tháinig suas abhainn na Lí cúpla blian ó shin.  Chan sé amhráin iontach eile chomh maith, There Was a Man, atá eisithe aige le déanaí.  Is féidir éisteacht leis seo faoi láthair ar an MySpace ag John Spillane.

John Spillane

John Spillane

John Spillane poster

Tá pictiúr nó dhó eile agam san set iomlán ar Flickr.   Dála an scéil, má fheiceann tú aon botúin anseo le mo chuid Gaeilge, bheinn buíoch má sheolann tú ríomh-phost chugam ag photos [ag] donal.ie.

Na Ceapairí Grá at The Roundy

Na Ceapairí Grá

D’fhreastal mé ar an oíche Gaeilge sa Roundy eagraithe ag na daoine ó Peoples Republic of Cork oíche Céadaoin an seachtain seo chaite. Club Dhaon-Phoblacht is ainm ar an oíche cheoil agus caint agus de réir na tuairiscí go léir, bhí an chéad oíche ar fheabhas chomh maith. Thosnaigh Na Ceapairí Grá an oíche seo le ceol traidisiúnta bríomhar. Nach bhfuil an t-ainm acu go hiontach!? N’fheadair cad as a tháinig sé sin! Bhí mé ag caint le mo dhuine a sheinn an gíotar (dhearmadas an t-ainm mar is ghnáth dom!) agus dúirt sé liom nach sheinneann sé leis an ngrúpa seo de ghnáth ach ni féidir a shéanadh gur chur sé go mór leis an ngrúpa.

Na Ceapairí Grá

Na Ceapairí Grá

Tá pictiúr nó dhó eile sa set iomlán ar Flickr. Beidh pictiúirí de John Spillane a sheinn chomh maith á sheoladh anseo agam i rith na seachtaine.